Comhoibriú Thuaidh/Theas

Tá Comhoibriú Thuaidh/Theas ina thosaíocht mhór i gcónaí don Rialtas, go háirithe i gcomhthéacs Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Rìmhinn.

Tá an Roinn gafa ach go háirithe le tacaíocht don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (NSMC) agus a cuid rannóg Teanga agus Uiscebhealaí, ó tharla an ról atá againn i gcomhchistiú agus i dtacú le dhá chomhlacht Thuaidh/Theas atá faoinár gcoimirce. Is iad Uiscebhealaí Éireann agus an Foras Teanga (ina bhfuil Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch) na comhlachtaí sin agus tá siad comhurraithe leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann.

Tá an Roinn tiomanta i gcónaí do bhealaí nua a aimsiú chun an leibhéal comhoibrithe Thuaidh/Theas a mhéadú ar fud an réimse iomlán gníomhaíochtaí as a bhfuil freagracht againn agus as teagmháil níos forleithne a chothú leis na heagraíochtaí agus na grúpaí ábhartha uile i dTuaisceart Éireann. San áireamh sna réimsí comhoibrithe gníomhacha faoi láthair tá forbairt oileán, forbairt cláir chomóraidh, na healaíona, cultúr, comhoibriú ó thaobh ceol agus scannáin agus comhoibriú i dtaca leis an oidhreacht thógtha agus nádúrtha sa dá dhlínse.

An Chuid Seo