D'fhógair Jimmy Deenihan, T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu (14 Samhain 2011) go raibh tús á chur le tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar ábhar agus leagan amach Straitéis Náisiúnta Tailte Móna. Déanfar an comhairliúchán i gcomhar leis an gComhairle Tailte Móna, ar comhairle í atá faoi chathaoirleacht neamhspleách.
Is tailte móna iad thart ar 20% de thalamh an Stáit. Tríd an straitéis, déileálfar le saincheisteanna fadtéarmacha a bhaineann le tailte móna na hÉireann a bhainistiú amach anseo agus oibleagáidí comhshaoil an AE á gcomhlíonadh. Déanfar luach sóisialta agus eacnamaíoch na húsáide a bhaintear as tailte móna i láthair na huaire, lena n-áirítear móin a bhaint don teaghlach agus ar bhonn tráchtála agus móin a bhaint go meicniúil, a bhreithniú mar chuid den Straitéis.
Déanfar measúnú freisin ar úsáidí eile a d'fhéadfaí a bhaint as tailte móna, lena n-áirítear foraoiseacht, talmhaíocht, forbairt feirmeacha gaoithe, stóráil agus ceapadh carbóin, turasóireacht agus ról na bportach i mbainistíocht tuile/triomaigh.
Agus é ag labhairt faoin ngá le hionchur leathan sa Straitéis, dúirt an tAire Deenihan “Caithfidh an Straitéis tuairimí úsáideoirí uile na dtailte móna a léiriú. Is iad na daoine sin is mó a bhfuil leas díreach acu sa chaoi ina n-úsáidtear tailte móna na tíre seo agus beidh siad in ann comhairle mhaith a chur orainn faoi conas is fearr an tsócmhainn thábhachtach phríobháideach agus náisiúnta seo a bhainistiú amach anseo”.
“Ba chóir go mbeadh sleádóirí, úsáideoirí eile na dtailte móna agus an pobal ina iomláine páirteach i gceapadh Straitéise chun a shoiléiriú conas a leanfar leis na gníomhaíochtaí seo agus cá háit a leanfar ar aghaidh leo,” a dúirt an tUasal Conor Skehan, Cathaoirleach na Comhairle Tailte Móna.
“Tá an cur chuige Straitéiseach seo ag teastáil chun go mbeidh gach duine soiléir faoin gcaoi ina mbainfear úsáid as tailte móna na hÉireann amach anseo. Eascraíonn na deacrachtaí reatha a bhaineann le baint mhóna ar an líon beag portach ina bhfuil gá le scor na gníomhaíochta seo as easpa cumarsáide leis na páirtithe ábhartha agus an easpa soiléireachta a bhí ann dá réir le cúig bliana déag anuas,” a dúirt an tAire Deenihan.
Tugtar cuireadh do gheallsealbhóirí agus do pháirtithe leasmhara eile aighneachtaí scríofa a dhéanamh, agus tuairimí, barúlacha agus/nó smaointe a chur faoi bhráid na Comhairle Tailte Móna le bheith breithnithe agus an Straitéis Náisiúnta á forbairt. Déantar mionsonraí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a fhógairt i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta agus tá treoirdhoiciméid agus téarmaí tagartha na Straitéise ar fáil ar www.npws.ie / www.peatlandscouncil.ie
Is é an spriocdháta d'aighneachtaí faoin Straitéis Náisiúnta Tailte Móna an Aoine, 16 Nollaig 2011.
CRÍOCH
Fiosrúcháin ó na meáin:
An Oifig Preasa agus Faisnéise
Teil: 087-2908193 / (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (díreach)