Seirbhís do Chustaiméirí

Cairt Chustaiméirí agus Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí

Is é croílár oibre na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta seirbhís éifeachtach agus éifeachtúil atá ar ardchaighdeán a sholáthar.

Táimid ag obair i láthair na huaire ar Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2012-2014, agus ar an gCairt Chustaiméirí a bhaineann leis, a ullmhú chun athdheimhniú a dhéanamh ar ár dtiomantas do sheirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar do gach duine. Tabharfar breac-chuntas sa Chairt Chustaiméirí ar na caighdeáin seirbhíse ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil leo agus iad ag déileáil linn ar an nguthán, i scríbhinn nó go pearsanta. Sainaithneofar sa Phlean Gníomhaíochta conas atá beartaithe againn gealltanais na Cairte a chur i bhfeidhm agus conas atá beartaithe againn athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht i dtaca leis sin.

Aiseolas/Gearáin

Mura bhfuil tusa, mar chustaiméir, sásta leis an gcaighdeán seirbhíse a fuair tú ón Roinn nó, go deimhin, mura bhfuil uait ach moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar ár gcuid seirbhísí, is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh linn trí ríomhphost a sheoladh chuig customer.service@ahg.gov.ie nó trí ghlaoch ar 053 911 7528. Cuirfimid fáilte roimh aiseolas agus rachaimid i ngleic le do ghearán/cheist/mholadh go tapa agus go rúnda.

An Chuid Seo