Saoráil Faisnéise

Chruthaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 na trí cheart dhlíthiúla nua seo a leanas do bhaill an phobail:

  • An ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí.
  • An ceart chun na cúiseanna le cinntí a mbíonn tionchar acu ar an duine féin a fháil.
  • An ceart chun faisnéis oifigiúil a bhaineann leis an duine féin a fháil leasaithe i gcás go bhfuil sí mícheart, neamhlán nó míthreorach.

Tháinig an tAcht i bhfeidhm do Ranna Rialtais ar an 21 Aibreán 1998.

Céard é an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003?

Tháinig acht chun an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 a leasú, ar a dtugtar an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003, isteach sa dlí an 11 Aibreán 2003. Ón dáta sin ar aghaidh, ní mór na hiarratais Saorála Faisnéise uile a phróiseáil de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003. Is é cuspóir príomhúil Acht leasaitheach 2003 cosaint a thabhairt do thaifid a bhaineann le feidhmiú an Rialtais.

Dén cóip d'Acht 1997 a íoslódáil (304 kb)

Déan cóip d'Acht 2003 a íoslódáil (62 kb)

Céard é cuspóir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003?

Tá na hAchtanna deartha chun ceart rochtana ar fhaisnéis i seilbh comhlachtaí poiblí a chur ar fáil a mhéid is indéanta. Mar sin féin, trí dhíolúinte áirithe a chur ar fáil, déanann na hAchtanna iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart rochtana sin ar thaobh amháin, agus an ceart chun príobháideachta ar an taobh eile, agus i gcásanna áirithe, an ceart chun leas poiblí a chosaint trí rúndacht a choinneáil.

Céard iad na taifid a thagann faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise?

Tá na taifid seo a leanas laistigh de raon feidhme an Achta:

Conas a oibríonn na hAchtanna?

Ceanglaíonn na hAchtanna ar chomhlachtaí poiblí freagairt d'iarratais ón bpobal ar thaifid atá ina seilbh acu. De ghnáth, caithfidh comhlachtaí poiblí cinneadh faoi iarratas a thabhairt laistigh de cheithre seachtaine. Ní mór do bhaill foirne chomhlachtaí poiblí cabhrú le baill an phobail atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis freisin.

Ceanglaíonn na hAchtanna ar gach comhlacht poiblí lámhleabhair thagartha a chur ar fáil a leagann amach struchtúr na heagraíochta, na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus na socruithe atá i bhfeidhm chun cur ar chumas daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis (ar a dtugtar leabhar tagartha Alt 15 de ghnáth). Lena chois sin, ní mór lámhleabhar a leagann amach rialacha, treoirlínte agus cleachtais a úsáidtear le linn cinnteoireachta a chur ar fáil (ar a dtugtar leabhar tagartha Alt 16).

Déan Leabhar Tagartha Alt 15 & 16 a íoslódáil (469 kb)

Conas is féidir iarratas saorála faisnéise a dhéanamh?

Caithfidh iarratais na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

Ní mór dóibh a bheith i scríbhinn, ar facs nó ar ríomhphost agus seolta chuig an Aonad um Shaoráil Faisnéise, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 631 3829

ar ríomhphost corporate.governance@ahg.gov.ie

Lorgófar cruthúnas céannachta sula gceadófar d'aon duine rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta. Féadtar cabhair do bhaill an phobail le riachtanais speisialta a chur ar fáil ar iarratas.

An féidir liom rochtain a fháil ar aon taifead atá uaim?

Is féidir iarratas a dhéanamh chun rochtain a fháil ar aon taifead oifigiúil faoi na hAchtanna. Mar sin féin, i gcúinsí áirithe beidh sé riachtanach na taifid sin a dhíolmhú ó bheith scaoilte. Déanann Ailt 19-32 d'Acht 1997 cur síos ar dhíolúinte ar gá iad a mheas. I measc na ndíolúinte príomhúla tá:

Na táillí

Is iad seo a leanas na táillí iníoctha:

Táillí iníoctha faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 (107 kb)

Sonraí um Shaoráil Faisnéise ar a Fuarthas

Téacs Tionlacain atá Molta don Suíomh Gréasáin:

Is tuairisc atá sa cháipéis cheangailte de na hiarratais ar fad atá curtha faoi bhráid na Roinne seo faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise ó bunaíodh an Roinn ar an 1 Meitheamh 2011.  Cuirtear an t-eolas seo a leanas ar fáil maidir le gach iarratas a fuarthas:

  1. An Uimhir thagartha a shann an Roinn don iarratas;
  2. An dáta a fuarthas an t-iarratas in Aonad um Shaoráil Faisnéise na Roinne;
  3. An cineál duine a rinne an t-iarratas, e.g. ar iriseoir, grúpa sainleasa, cuideachta nó duine aonair atá i gceist;
  4. Achoimre ar an eolas nó na taifid atá iarrtha;
  5. An dáta ar cuireadh cinneadh na Roinne amach chuig an iarratasóir;
  6. Achoimre ar an gcinneadh sin, e.g. ar bronnadh an t-iarratas ina iomláine, ar bronnadh cuid de, ar diúltaíodh é, ar tarraingíodh siar é nó ar déileáladh leis lasmuigh de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. 

Déanfar nuashonrú ar an tábla go rialta.  Má tá aon cheist agat faoi aon cheann de na hiarratais seo nó faoi fheidhmiú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa Roinn seo go ginearálta, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise (sonraí thíos) agus beimid breá sásta cuidiú leat.

Seoladh:        An tAonad um Shaoráil Faisnéise
                      An Rannán Riar Chorparáidigh
                      An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
                      23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost:   corporate.governance@ahg.gov.ie

Teil:                (01) 631 3829/631 3831

Logáil um Shaoráil Faisnéise (32 kb)
Logáil um Shaoráil Faisnéise

An Chuid Seo