Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbun athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais.

Tá súil ag an Roinn go dtapóidh an pobal agus na príomhpháirtithe leasmhara eile an deis a gcuid moltaí faoin Acht a chur faoi bhráid na Roinne tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí. Is é an 31 Eanáir 2012 an spriocdháta chun an suirbhé agus/nó an aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne i nGaeilge nó i mBéarla.

NÓTA:Tuigtear don Roinn go raibh deacrachtaí ag roinnt freagróirí an Suirbhé iomlán a chomhlánú mar go raibh gach ceist éigeantach (seachas ceisteanna 17 agus 20). Mar thoradh air sin, níl stádas éigeantach ag baint le haon cheist sa suirbhé anois.

Tá gach eolas maidir leis an athbhreithniú ar fáil anseo:
• Téarmaí tagartha        
• Suirbhé              
• Teimpléad le haghaidh aighneachtaí                 
• Comhlachtaí poiblí faoin Acht            
• Preasráiteas         

Tá eolas maidir leis an Acht ar fáil sa Treoirleabhar seo atá foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tá eolas maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga ar fáil ag www.coimisineir.ie.

 

An Rannóg Seo