Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbun athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais. Tá na téarmaí tagartha don athbhreithniú ar fáil anseo.
Fuair an Roinn timpeall 1,400 freagra ar an suirbhé agus 240 aighneacht ó pháirtithe leasmhara le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí ar an athbhreithniú ar tháinig deireadh leis ar an 31 Eanáir 2012. Tá anailís ar na moltaí a fuarthas ar siúl anois.
Foilseofar ar shuíomh gréasáin na Roinne in am trátha na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad. Ba chóir a nótáil go bhfoilseofar na haighneachtaí sa teanga ina bhfuarthas iad.