
Tar éis gur atoghadh é mar Theachta sa 31ú Dáil, ceapadh an tUasal Séamus Ó Duibhneacháin T.D. mar Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 9 Márta 2011.
Ceapadh an Teachta Ó Duibhneacháin ina urlabhraí ar chúrsaí Cosanta ó mhí Iúil 2007 go dtí mí Iúil 2010 nuair a athcheapadh é ina urlabhraí ar Thurasóireacht, Cultúr agus Spórt, post a bhí aige ó mhí an Mheithimh 2002 go mí na Bealtaine 2007.
Tá sé ina Theachta Dála ó 1987 agus ceapadh an Teachta Ó Duibhneacháin mar Chomhairleoir don Cheannaire ar Bheartas Thuaisceart Éireann agus mar Urlabhraí Spóirt an Pháirtí i mí Feabhra 2001. Ba é a bhí ina Urlabhraí Sóisearach d’Fhine Gael ar Eolas agus Cosaint Comhshaoil ó mhí an Mheithimh 2000 go dtí mí Feabhra 2001. Roimhe sin, ba é an Teachta Ó Duibhneacháin urlabhraí Fhine Gael ar Oifig na nOibreacha Poiblí (1997-2000).
Ó 1994-1997 bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta le freagracht ar leith as Forbairt Tuaithe, an clár LEADER, agus monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí An Bord Bia agus an tionscail bia.
Chaith sé seal mar urlabhraí Turasóireachta agus Trádála d’Fhine Gael (1992-1994) agus mar urlabhraí Óige agus Spóirt (1988-1993). Mar ainmní de chuid an Taoisigh, bhí an tUasal Ó Duibhneacháin ina Sheanadóir ó 1982-1987.
Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Contae Chiarraí ó 1985 go 1994 agus de Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí (1985-1991). Ó 1992 go 1994 bhí sé ina bhall de Bhord Fiontair Chontae Chiarraí agus atoghadh é ar an gComhairle i mí an Mheithimh 1999.
Mar bhall den Chumann Lúthchleas Gael, bhain sé boinn Uile-Éireann sa pheil amach do Chiarraí i 1975, 1978, 1979, 1980 agus 1981, an bhliain a raibh sé ina chaptaen ar an bhfoireann. Ghnóthaigh sé Gradam Shárimreoir na Bliana de chuid an CLG sa bhliain 1981.

Toghadh an tUasal Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. chuig Dáil Éireann den chéad uair i mí Feabhra 1982 agus atoghadh é i ngach toghchán ó shin do Thoghcheantar Dhún na nGall Thiar-Theas. Is Gaeilgeoir ó dhúchas é an tAire Mac Fhionnlaoich a rugadh i nGaoth Dobhair, áit a bhfuil cónaí air go fóill.
Bhí sé in iliomad post ar an bhinse tosaigh fad is a bhí sé sa fhreasúra, lena n-áirítear cúrsaí Gaeltachta, cúrsaí Óige & Spórt, cúrsaí Cosanta agus Beartas Inimirceach. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Teanga & Cultúir an Oireachtais ó 1994-1997 agus ina Chathaoirleach ar Choiste an Oireachtais ar Ghnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta roimh thoghchán 2011.
Is iarbhall é an tUasal Mac Fhionnlaoich de pháirtí Parlaiminte na Breataine-na hÉireann agus bhí sé ina Bhuanionadaí de chuid Dháil Éireann ar an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OCSE).